I write poetry in the Irish language. Please explore the pieces I have written to date. Seo chugaibh mo chuid filíochta.
Sáinn
Ag dul i laige,
Iompaím,
Dúnaim,
Imím.
Caillte leis na caoirigh
Ar an seachtú lá.
Sáinnithe.
Osclaím súil amháin.
Ceann eile.
Éistim.
In olc ach ní go síoraí,
Fillim.
Neart
Timpeallaithe le brú, cathú, agus nimh.
Ag lorg nirt,
Ann dom ach é a thógáil.
An rogha agam, ach le rabhadh.
Slite, ar dheis agus ar chlé.
Gar do dheireadh na láimhe clé,
Gar don bhréag.
Rogha ann fós,
Neart ann fós,
Is liom é, más mian liom é.
Nochtadh
I measc an phobail,
Bíonn aghaidh fidil
Anseo, ansin, ansiúd.
Sa seomra folamh
Tuigtear go bhfuil
Deis machnaimh,
Frithchaithimh.
Lá ina dhiaidh lae,
Deiseanna eile.
Bain díot na sraitheanna,
Caith uait na tréithe nach n-oireann,
Tapaigh an deis.
Saoirse san éadan lom.