Feictear míchumas sula bhfeictear an té.
Breathnaigh orainn, ní hamháin seo é.
Is muidne an t-aos le fuinneamh na gaoise,
Ná cuir ar leataobh muid, mar lucht na haoise.

Na céadfaí mar chumarsáid, corruair an iomarca.
Trína chéile is báite, ag lorg na coimirce.
Daonna muid uilig, ní dhearmadtar seo,
Is fiú muid, ní lú muid, ómós dár nguth.

Cath laethúil an saothar a aimsítear dúinne,
Is sibhse na daoine a chuir muidne sa chúinne.
Cuir aithne ar dhuine nó dhó, más féidir,
Is bí eagnach, a chara, fiú más tú féin i d’aonar.